Bhí scaifte mór ina theaghlach, am amháin is cuimhin leis 17 acu sa teach. Bhí siopa beag ag a mháthair, siopa na leathphinginí a thugadh sí air. Bhíodh a athair ag iascaireacht agus é féin ansin. Bhí an t-iasc breá fairsing ach ní raibh mórán airgid ann. Dhíoladh siad léir éisc fá na Dúnaibh. Tar éis tamaill, bhí cearta agus a leithéidí tugtha ar shiúl ag an tír seo, rud a rinne damáiste mhór don iascaireacht.